DescriptionIs sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus seirbhís do chustaiméirí ar fáil.
Tá freagracht ar an bhFoireann Tacaíochta Oibríochtaí as bonneagar agus próisis éifeachtacha ghnó a sholáthar agus a bhainistiú ar leibhéal náisiúnta chun tacú le gníomhaíochtaí oibríochtúla ar leibhéal suímh. Cinnteoidh an Ceann Tacaíochta Oibríochtaí go gcuirtear córais dhaingne phleanála oibre agus sreabhaidh oibre ó cheann go ceann i bhfeidhm go comhsheasmhach i measc na bhfeidhmeanna Oibríochtaí Sócmhainne, a bhfuil naisc éifeachtúla oibríochtúla acu i measc fheidhmeanna corparáideacha uile Uisce Éireann. Beidh freagracht ar an sealbhóir róil freisin as Nuálaíocht, Athrú agus Feabhsú a chomhordú i measc feidhmeanna Oibríochtaí Sócmhainní, agus oibreoidh siad i gcomhordú le Foirne agus Feidhmeanna Bunathraithe, Feabhsaithe Leanúnaigh agus Nuálaíochta Uisce Éireann.
Agus é/í freagrach don Bhainisteoir Éifeachtúlachta Fuinnimh agus Foinsí In-athnuaite, forbróidh an Ceannasaí Teicniúil Foinsí Fuinnimh In-athnuaite punann foinsí fuinnimh in-athnuaite Uisce Éireann i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla dea-chleachtais agus imreoidh sé ról lárnach i nginiúint foinsí fuinnimh in-athnuaite.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
Punann foinsí fuinnimh in-athnuaite Uisce Éireann a fhorbairt de réir na gcaighdeán teicniúil dea-chleachtais.
Bheith freagrach as gnéithe na giniúna foinsí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear Príomhtháscairí Feidhmíochta (PTFanna) a fhorbairt chun cuidiú le feidhmíocht a bhainistiú, a thuairisciú agus monatóireacht a dhéanamh uirthi, agus an comhéadan le hInfheistíochtaí Sócmhainní agus Pleanáil Sócmhainní a bhainistiú.
Tacaíocht a sholáthar maidir le soláthar / bainistíocht soláthraithe fuinnimh agus Comhaontuithe Ceannaigh Cumhachta (PPAnna) i gcomhar le Straitéis agus Rialáil.
Cur chuige beartais roghnaithe a fhorbairt i leith forbairt tríú páirtí, e.g., sreanga príobháideacha, agus tacú lena chur chun feidhme leis an eagraíocht níos leithne.
Ionchuir theicniúla a ullmhú le haghaidh cásanna gnó agus staidéar féidearthachta do thionscadail um fhoinsí fuinnimh in-athnuaite.
Monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar fheidhmíocht giniúna fuinnimh in-athnuaite, ag cinntiú go gcomhlíontar PTFanna agus ceanglais rialála.
Taifid chruinne maidir le sócmhainní fuinnimh in-athnuaite agus sonraí feidhmíochta a choinneáil.
Bheith freagrach as na cuir chuige theicniúla roghnaithe maidir le giniúint fuinnimh in-athnuaite a shainaithint i gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha agus foirne inmheánacha Uisce Éireann.
Tacú le foirne Oibríochtaí Sócmhainní mar shaineolaí teicniúil i dtástáil, coimisiúnú agus aistriú sócmhainní in-athnuaite ó SSB.
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta
Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ
Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.
Tacú le Clár Uisce Éireann um Bunathrú chun Feabhais a sholáthar, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.
Ceannaireacht shoiléir a chur ar fáil do d’fhoireann, iad a chóitseáil agus a fhorbairt chun barr a gcumais a bhaint amach agus cuspóirí gnó a sholáthar, comhoibriú a chur chun cinn agus béim a chur ar na hiompair a bhfuiltear ag súil leo ó gach duine ar an bhfoireann.
Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe
Tá taithí 5 bliana ar a laghad sa tionscal uisce, sa tionscal fóntais nó i dtionscal den chineál céanna inmhianaithe agus/nó taithí ábhartha eile.
Taithí inléirithe ar bhainistíocht fuinnimh, agus taithí ar leith sa réimse foinsí fuinnimh in-athnuaite
Oibrímid níos fearr le cheile - An cumas comhpháirtíochtaí straitéiseacha éifeachtacha a fhorbairt agus a chothú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha araon.
Cuntas teiste cruthaithe maidir le déileáil le ceisteanna casta, go réamhghníomhach agus go pras, chomh maith leis an gcumas faisnéis chasta a chur in iúl do dhaoine eile
Táimid uaillmhianach- Duine atá an-spreagtha, a mbíonn ardchaighdeáin proifisiúntachta ag baint lena gcuid oibre agus é léirithe acu gur féidir leo torthaí a bhaint amach
Scileanna anailíse láidre agus cumas anailís a dhéanamh ar fhadhbanna agus ar ghnéithe feabhais féideartha agus iad a shainaithint, mar aon le réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm
Déanaimid an rud ceart- Inoiriúnaitheacht agus an cumas béim agus treo a athrú le bheith ar aon dul le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú
Réimsí nua feabhais a shainaithint go réamhghníomhach agus faisnéis agus scileanna nuafhoghlamtha a úsáid i mbun oibre
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 06/03/2026.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.
*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland’s national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland’s social and economic growth.
We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.
Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland’s water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.
The Role:
The Asset Operations function forms the cornerstone of service delivery to customers, protecting the environment and meeting regulatory standards as well as managing the majority of operational expenditure. The Asset Operations function has responsibility for operational and maintenance strategy, policies, planning and standard operating procedures for Water and Wastewater operations both nationally and regionally, ensuring that value for money and customer service is delivered.
TheOperations Support Team has responsibility for providing and managing effective business infrastructure and processes at a national level to support operational activities at site level. The Head of Operations Support will ensure that robust end-to-end work planning and workflow systems are consistently implemented across the Asset Operations functions, with efficient operational linkages right across all of the corporate functions of Uisce Éireann. The role-holder will also have responsibility for coordination of Innovation, Change and Improvement across the Asset Operations functions, working in coordination with Uisce Éireann Transformation, Continuous Improvement and Innovation Teams and Functions..
Reporting to the Energy Efficiency & Renewables Manager, the Renewables Technical Lead will develop Uisce Éireann’s renewables portfolio in line with best practice technical standards and play a key role in renewable generation.
Main Duties and Responsibilities:
Develop Uisce Éireann’s renewables portfolio in line with best practice technical standards.
Responsible for aspects of renewable generation, including developing Key Performance Indicators (KPIs) to assist in managing, monitoring and reporting on performance, and managing the interface with Asset Investments and Asset Planning.
Provide energy supplier procurement / management and Power Purchase Agreement (PPAs) support in liaison with Strategy and Regulation.
Develop a preferred policy approach to third-party development, e.g., private wires, and support its implementation with the wider organisation.
Prepare technical inputs for business cases and feasibility studies for renewable projects.
Monitor and report on renewable energy generation performance, ensuring compliance with KPIs and regulatory requirements.
Maintain accurate records of renewable energy assets and performance data.
Responsible for identifying preferred technical approaches to renewable generation in conjunction with external service providers and internal Uisce Éireann teams.
Support AO teams as a technical expert in the testing, commissioning and handover of renewable assets from IDD.
General Duties and Responsibilities
Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business
Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards.
Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.
Provide visible leadership for your team, coaching and developing them to achieve their full potential and deliver business objectives, promoting collaboration and highlighting the behaviours that are expected from everyone in the team.
Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann’s Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.
Other duties as required.
Knowledge, Skills and Experience:
Relevant third level qualification and or accreditation is desirable
A minimum of 5 years’ experience in the water, utilities or similar industries is desirable and or relevant experience
Demonstrable experience in energy management, with a particular experience in the area of renewables
We work better together- Ability to develop and maintain effective strategic partnerships with key stakeholders internally and externally
Proven track record with dealing with complex issues, proactively and in a timely fashion along with the ability to communicate complex information to others
We aim high- Highly motivated individual, working to the highest professional standards and with proven ability to deliver results
Strong analytical skills and ability to identify and analyse problems and potential improvements, and propose and implement solutions
We do the right thing- Demonstrate adaptability and the ability to change focus and direction in line with business strategy and requirements
Proactively identifying new areas of improvement and using newly gained knowledge and skill on the job
The closing date for receipt of applications for this vacancy is 06/03/2026.
Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.
*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.